Songtexte.com Drucklogo

Roisin Dubh Songtext
von The Dubliners

Roisin Dubh Songtext

A Róisín ná bíodh brón ort fé′r éirigh dhuit
Tá na bráithre 'teacht thar sáile ′s iad ag triall ar muir
Tiocfaidh do phárdún ón bPápa is ón Róimh anoir
'S ní spárálfar fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh
Is fada an réim a léig mé léi ó inné 'dtí inniu
Trasna sléibhte go ndeachas léi, fé sheolta ar muir
An éirne is chaith mé ′léim í, cé gur mór é an sruth
′S bhí ceol téad ar gach taobh díom is mo Róisín Dubh
Mhairbh tú mé, a bhrídeach, is nárbh fhearrde dhuit
Is go bhfuil m'anam istigh i ngean ort ′s ní inné ná inniu


D'fhág tú lag anbhfann mé i ngné is i gcruth
Ná feall orm is mé i gnean ort, a Róisín Dubh
Shiúbhalfainn féin an drúcht leat is fásaigh ghuirt
Mar shúil go bhfaighinn rún uait nó páirt dem thoil
A chraoibhín chumhra, gheallais domhsa go raibh grá agat dom
′S gurab í fíor-scoth na Mumhan í, mo Róisín Dubh
Beidh an Éirne 'na tuiltibh tréana is réabfar cnoic
Beidh an fharraige ′na tonntaibh dearga is doirtfear fuil
Beidh gach gleann sléibhe ar fud éireann is móinte ar crith
Lá éigin sul a néagfaidh mo Róisín Dubh

Songtext kommentieren

Log dich ein um einen Eintrag zu schreiben.
Schreibe den ersten Kommentar!

Quiz
In welcher Jury sitzt Dieter Bohlen?

Fans

»Roisin Dubh« gefällt bisher niemandem.