Songtexte.com Drucklogo

Seoithín Seothó Songtext
von Muireann Nic Amhlaoibh

Seoithín Seothó Songtext

Chorus:
Seoithín seothó, mo stór é mo leanabh
Mo sheod gan chealg, mo chuid den tsaol mór
Seoithín seothó, nach mór é an taitneamh
Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan bhrón
A leanbh, mo chléibh, go n-éirí do chodladh leat
Slán agus sonas a choíche ′do chomhair
Seo beannacht Mhic Dé agus téagar a Bhuime leat
Téiríg a chodladh gan bíogadh go ló


Ar mhullach an tí tá síoga geala
Fá chaoin ré an earraigh ag imirt a spóirt
Is seo iad aniar chun glaoigh ar mo leanbh
Le mian é tharraingt isteach sa lios mór
Goirm tú, a chroí, ní bhfaighfidh siad do mhealladh
Le brí a gcleas ná le binneas a gceoil
Táimse led' thaoibh ag guí ort na mbeannacht
Seoithín, a leanbh, ní himtheo′ tú leo

(Chorus)

Ós comhair mo lao, go míochair ceanúil
Tá díl-roisc aingeal ag faire ina threo
Le mór-ghrá dian á iarraidh chun bealaigh
Mar b'aoibhne flaithis dá raghadh sé leo
A stór mo chroí, luigh siar i do leaba
Taobh le do Mham is ea fanfair go fóill
Ní mór liom do Dhia mo shiamsa 'gus m′aiteas
Mo riocht ar talamh i dteannta mo bhróid

Seoithín seothó, mo stór é mo leanabh
Mo sheod gan chealg, mo chuid den tsaol mór
Seoithín seothó, nach mór é an taitneamh
Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan bhrón

Songtext kommentieren

Log dich ein um einen Eintrag zu schreiben.
Schreibe den ersten Kommentar!

Quiz
Wer ist gemeint mit „The King of Pop“?

Fans

»Seoithín Seothó« gefällt bisher niemandem.