Songtexte.com Drucklogo

Faoiseamh Faoistine Songtext
von Muireann Nic Amhlaoibh

Faoiseamh Faoistine Songtext

Tair liom agus bí liom
Taobh le taobh, cois ar chois
Le faobhar na faille siar

Féach agus feicfir
Radharc úr na súl flúirseach
Oscail poll balbh na cluaise

Éist go géar le fothram mara
Cloisir glórtha ó dhoimhneas uisce
Fiafrófar duit, labhair agus freagair
Oscail do mheabhair do radharc tíre

Tair liom agus fan liom
Taobh na faille suas in airde
Ar scroilleach garbh Chinn Sratha

Tair liom agus fan faram
Taobh choróin na Gráige thairis
Tabhair fén gcruach in airde


Marcaigh tamall ar shrathar tíre
Tabhair spoir do shrianta bréithre
Siar síos go híor na spéire
Túirling tamall agus clois aríst
Focail mholta ó mhuir na sinsearachta

Ahh haa haa haa
Ahh haa haa haa haa
Oooo hooo hooo hooo
Ha ha ha ha

Buail liom agus tair liom
Mac, iníon nó leannán tí
Athair, máthair, deartháir nó deirfiúr

Duine gaolmhar nó comharsa suaite
Dein t′fhaoistin ag Barra Cruaiche
Abair do rún leis an Triúr Deirfiúr
Le Ceann Sibéal agus Bréanainn thall

Hmmm Hmmm Hmmm Hmmm

Songtext kommentieren

Log dich ein um einen Eintrag zu schreiben.
Schreibe den ersten Kommentar!

Beliebte Songtexte
von Muireann Nic Amhlaoibh

Quiz
Wer singt das Lied „Applause“?

Fans

»Faoiseamh Faoistine« gefällt bisher niemandem.