Songtexte.com Drucklogo

Chuaigh mé ’na Rosann Songtext
von Clannad

Chuaigh mé ’na Rosann Songtext

Chuaigh mé ′na Rosann ar cuairt
Gur bhreathnaigh mé uaim an spéir
Is thart fa na h-oileain ó thuaidh
Mar eilit agus cu 'na diaidh
Sé duirt gach duine fa′n chuan
Nuair a tharlaigh mé anuas fa'n chéidh
Nach maith a aithnim ar do ghruaim
Gur fear thu a bhfuil a' tóir ′do dhiaidh

Casadh dom a′ cailin deas óg
Ach ma casadh 'si a labhair go gar
Ma′s fear thu a bhain do mhnaoi óig
Cha mholaim rómhór do thrade (cheird)

Chonnaic mé fear ar thir mór
'S é ag siul gan bhróg inné
Is dóigh liom gur thusa ′n fear óg
'S go bhfuil ort an tóir ′do dhiaidh


D'fhreagair mé 'n ainnir dheas óg
Ghlac si go mór mo scéal
Stad de do mhagadh nios mó
Nó ni duine den tseort sin mé

Ach suigh thus′ anall ′e mo chóir
Is bi thus' ar aon nós lion féin
Nó rachaidh mé os coinne do shrón′
Amach go tir mór le léim

Thit muid i dtuirse 's i mbrón
Is d′fhiafraigh an óig-bhean diom
Ca bhfuigheas muid gloine le h-ól
A thógfas an brón d'ar gcroi?

Ta teach beag ar leath-taoibh an róid
Agus coinnionn sé i gcónai braon
Gabh thusa ′gus rappail an bord
'S ni dhiolfaidh do phócai aon phingin

Tharlaigh muid 'steach i dtoigh ′n óil
Agus b′fhaiteach go leor mé le sui
Ar eagla go dtiocfadh an tóir
Is go mbainfi an óig-bhean diom


Nuair a fuair muid gach ni mar ba chóir
Is mheas mé gur chóir duinn sui
Sé duirt si: Bi thus' ag gabhail cheoil
′S ni dhiolfaidh do phócai aon phingin

Cha rabh mis' i bhfad ag gabhail cheoil
Gur chruinnigh go leor ′un toigh'
Achan fhear is a ghloine ′n a dhorn
Le comhmóradh a thabhairt don dis

Bhi biotailte fairsing go leor
A rabh beagan da ól sa tir
'S da dtarraingeoinn-se galun Ui Dhomhnaill
B'fhurast mo scór a dhiol

Nuair a lig muid duinn tuirse is brón
Sé d′fhiafraigh an óigh-bhean diom
Ca mbionn tu ′do chónai sa la
Nuair nach gcoinnionn tu cró duit féin?

Bim-se seal 'dtoigh an óil
Cha deanaim-se lón don phingin
A′ meid udaidh a shaothraim sa la
A chathamh le spórt san oich'

Ma′s fear thu a leanas don ól
Cha mholaim rómhór do thrade
Nó chan iarrfainn ar dhuine de do sheort-sa
Toiseacht le buaidhreadh an tsaoil

Is fearr duinn fanacht go fóill
Go ndeanaidh muid lón don phingin
Is go rabh againn an t-ór
Is cuidiu d'ar gcóir arist

Le fanacht go ndeanaidh muid lón
Caithfear cuid mhór d′ar saol
Is fearr duinn toiseacht go h-óg
'S beidh cuidiu d'ar gcóir arist

Do leithéid char casadh go fóill
Dom i mbealach na i ród ′mo thriall
′S da mbeinn-se i mBéal-an-Átha Mór
Gheobhainn cailini óg' ar phingin

Songtext kommentieren

Log dich ein um einen Eintrag zu schreiben.
Schreibe den ersten Kommentar!

Quiz
Wer besingt den „Summer of '69“?

Fans

»Chuaigh mé ’na Rosann« gefällt bisher niemandem.