Tiocfaidh An Samhradh Songtext
von Roehind
Tiocfaidh An Samhradh Songtext
Tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh an féar
Tiocfaidh an duilliúr ghlas ar bharr na gcraobh
Tiocfaidh mo rún searc le bánú an lae
Agus buailfidh sí tiúin suas le cumhaidh i mo dhiaidh
Is óg′s is óg a chuir mé dúil i ngreann
Dhéanfainn súgradh le mo rún ar faill
Níl baile cuain ar bith 'a ngluaisfinn ann
Nach bhfaighinn maighdean óg deas a thrialladh liom
Splóid ar an fharraige ná is í atá mór
Is í atá a gabhail idir mé ′s mo mhíle stór
D'fhag sí ar an bhaile seo mé a déanamh bróin
Is gan aon súil lena feiceál arís níos mó
Scairt mé aréir ag an doras ann
Scairt mé arís ar mo rún go teann
'Sé duirt a daidí liom, nach raibh sí ann
Ná gur ealaigh sí aréir leis an buachaill donn

Writer(s): Traditional Song Lyrics powered by www.musixmatch.com