Songtexte.com Drucklogo

Song: Cití na gCumann Songtext
von Altan

Song: Cití na gCumann Songtext

Is do thángas an baile seo ′réir
Is bhí se 'gam déanach go leor
Smé ar intinn an margadh a dhéanamh
′S nach scarfainn léi féin go deo
Níor tháinig a Daidí chun réitigh
Cár mhiste domh é na dhóibh?
Bheirim slán is beannacht as mo ghaolta
'S ní chasfaidh mé fhéin go deo


Níor cuireadh romham cuireadh na fáilte
Ó thánas an tsráid seo thíos
On uair a dh'airigh mo ghrá geal
Is go dtugas mo lámh do mhnaoi
Is doigh leo go bhfuil mise pósta
Is dár ndoigh, más doigh, ní fíor
Dar a leabhar atá thíos i mo phóca
Is ag mealladh ban óg a bhíos

(Lyrics missing)

Is a Chití na gcumann, ná séan mé
Siúil feasta ′gus éalaigh liom
I ngleanntáin coilleadh nó sliabh′ amuigh
Nó sealad faoi bhláth na gcrann
Do phósfainn i gan fhios don tsaol thú
'S don tsagart dá mh′fhéidir liom
'S muna bhfaighfear sinn cangailt′ in Éirinn
Ó racham araon anonn

Songtext kommentieren

Log dich ein um einen Eintrag zu schreiben.
Schreibe den ersten Kommentar!

Fans

»Song: Cití na gCumann« gefällt bisher niemandem.