Songtexte.com Drucklogo

Ceol a’Phíobaire Songtext
von Altan

Ceol a’Phíobaire Songtext

Má phósann tú an siostalóir, is tú a bheas ag caoineadh
A mhuirnín dílis ′fhaoilí ó
Ó, beidh tú do thachtadh le barrach na tíre
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Ó, beidh tú ′do shuí go mbeidh sé an meán oíche
Ag síordhó na gcoinneal is ag sciobadh an lín dó
Mile b'fhearr duit mise agat, is ceol binn mo phíoba
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó


Má phósann tú an fíodóir, is tú a bheas ag caoineadh
A mhuirnín dílis ′fhaoilí ó
Beidh cead luig laig ag an úim a scaoileadh
A mhuirnín dílis ′fhaoilí ó
Ó, beidh tú 'do shuí go mbeidh sé an meán oíche
Ag síordhó na gcoinneal is ag crónan fán íneadh
Mile b′fhearr duit mise agat, is ceol binn mo phíoba
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó

Má phósann tú an tailliúr, is tú a bheas ag caoineadh
A mhuirnín dílis ′fhaoilí ó
Beidh sop i mbéal an dorais, mar bheadh madadh ar charnán aoiligh
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Ó, beidh tú ′do shuí go mbeidh sé an meán oíche
Ag síordhó na gcoinneal is ag creimneáil na bpíosaí
Mile b'fhearr duit mise agat, is ceol binn mo phíoba
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó

Songtext kommentieren

Log dich ein um einen Eintrag zu schreiben.
Schreibe den ersten Kommentar!

Fans

»Ceol a’Phíobaire« gefällt bisher niemandem.